X
Turas na n-Óg 2024
Reáchtálfar Turas na nÓg chuig Feirm Causey i nGreallaigh, Co. na Mí ar an Satharn 23/03/2024. Cuirfear fáilte roimh bhaill reatha na gclubanna óige (Aois 10-14) chuig an ócáid. Is é an costas €23 an páiste agus clúdaíonn seo an taisteal agus na himeachtaí go léir. Cuirfear busanna ar fáil ó na háiteanna seo a leanas…
Ullmhúchán don Ardteistiméireacht 2024
Tá cúrsa Ullmhúchán don Ardteistiméireacht ar ais i nDroim rí i mbliana ag díriú ar an mBéaltriail agus Cluastuiscint. Cathain: 10r.n. - 5i.n. Dé Sathairn, 2 Márta 2024 Ag clúdú: Dian rang Gramadaí, An Bhéaltriail, Léamh na Filíochta, Sraith Pictiúr, Béaltriail bhréige agus Aiseolas (Oiriúnach don 5ú & 6ú bliain) Costas: €120 - Cúrsa go hiomlán trí mheán…
Eolaí Óg, RDS 11-13 Eanair 2024
Beidh foireann Chumann na bhFiann i láthair san RDS i mBáile Átha Cliath ó 11-13 Eanáir don chomórtas Eolaí Óg 2024. Buail isteach le labhairt linn ag ár seastáin. Líon isteach an fhoirm thíos inniu le tuilleadh eolais a fháil faoinár nÓg Clubanna agus Cúrsaí Samhraidh. #BTYSTE …

Coláiste na bhFiann 2022

Tá ríméad orainn, i gColáiste na bhFiann, a fhógairt go bhfuil ár gCúrsaí Samhraidh do 2022 á seoladh Dé Céadaoin 15 Meán Fómhair. Tá sé seo i gcomhthráth lenár suíomh gréasáin nua www.cnb.ie a bhfuil feidhm áirithinte nua aige a bheidh ina chabhair mhór do thuismitheoirí agus iad ag cur cúrsaí in áirithe. Toisc go bhfuilimid luath i bpróiseas na n-áirithinte ar líne, ná bíodh leisce ort teagmháil a dhéanamh linn le haon cheisteanna atá agat. Bhí a lán tuismitheoirí i dteagmháil cheana féin le ceisteanna faoi dhátaí agus faoi na cúrsaí is oiriúnaí do gach aoisghrúpa. Tá rannóg Ceisteanna Coitianta againn ach mura gclúdaítear do cheist ann ní gá ach ríomhphost a chur chugainn.

Toisc nach raibh aon chúrsaí againn le dhá bhliain anuas, shocraíomar go mbeidh ar gach dalta, idir shean agus nua, freastal ar sheisiún réamheolais ar líne. Measaimid go mbainfidh daltaí a bhí linn roimhe seo leas as ‘athnuachan’, agus is cinnte go bhfoghlaimeoidh gach dalta nua go leor faoi chúrsa Coláiste na bhFiann agus a bhfuil i gceist leis. Is deis í díriú ar na buntáistí a bhaineann le cúrsa le Coláiste na bhFiann.

Tá athrú beag tagtha ar ár gcóras áirithinte sa mhéid is nach gá duit ach éarlais a íoc roimh an seisiún réamheolais. Ansin beidh 10 lá agat chun an t-iarmhéid a íoc má tá tú ag leanúint leis an iarratas. Tá sé ar nós atosú dúinn agus táimid an-shásta a bheith ag forbairt arís. Rachfar i dteagmháil lenár bhfoireann go léir, Bainisteoirí, Múinteoirí, Ardchinnirí agus Cinnirí sna seachtainí amach romhainn ionas gur féidir linn leanúint leis an bpleanáil don samhradh seo chugainn. Tá roinnt athruithe ar na cúrsaí atá á dtairiscint againn i dtéarmaí cúrsaí coicíse agus trí seachtaine. Mar thoradh ar aiseolas ó thuismitheoirí tá líon na gcúrsaí coicíse méadaithe againn do 2022. Mar is gnách, molaimid na cúrsaí ag deireadh an tSamhraidh dóibh siúd a bheidh ag tabhairt faoi scrúdú sa chéad scoilbhliain eile.

CNB.ie:
Related Post