Seisiún réamheolais faoin chúrsa
Buaileann Coláiste na bhFiann le gach dalta agus lena thuismitheoir/chaomhnóir sula bhfreastalaíonn sé ar chúrsa. Is am ríthábhachtach an t-am a chaitear ag an gcéim seo mar chinntítear leis go mbíonn an duine óg agus an tuismitheoir araon sásta lena rogha cúrsa. Is réamhriachtanas é freastal ar an seisiún seo roimh fhreastal ar chúrsa le Coláiste na bhFiann agus ní mór freastal air le haghaidh na tréimhse iomláine.
Seo a leanas príomhghnéithe an tráthnóna faisnéise:
- Measúnú ar leibhéal na Gaeilge atá ag an duine óg. Baintear é sin amach trí chomhrá neamhfhoirmeálta leis an dalta nuair a chuireann ball foirne ceisteanna air maidir lena theaghlach, a scoil, a chaithimh aimsire, srl. Iarrtar air freisin aithris a dhéanamh ar Amhrán na bhFiann.
- DVD lena ndéantar gnéithe uile an chúrsa a shonrú: eolas faoin amchlár; eolas faoina bhfuil le tabhairt leat ar an gcúrsa; eolas faoi na rialacha &rl
- Tugann an t-éascaitheoir caint ghairid ina leagtar béim ar ghnéithe tábhachtacha den chúrsa
- Bíonn deis ag an tuismitheoir agus ag an dalta araon labhairt le ball foirne duine le duine maidir le conas ar éirigh leis an dalta. Spreagtar tuismitheoirí agus daltaí chun ceisteanna a chur ar bhall foirne agus aon ábhair imní atá acu a lua. Iarrtar ar thuismitheoirí ag an gcéim seo aon saincheisteanna pearsanta, cothaithe nó míochaine atá ag an duine óg a sholáthar ionas go mbíonn an eagraíocht go hiomlán ar an eolas agus ionas gur féidir léi an cúram is fearr agus is féidir a sholáthar don leanbh le linn dó bheith ar chúrsa linn.
- Cuirfear aisíoc iomlán ar fáil (lúide táille riaracháin €10) suas go 7 lá i ndiaidh an tseisiúin eolas faoi na coinníollach thíos:
- Sa chás nach measann an measúnóir go mbeidh sé de chumas ag an dalta freastal ar an gcúrsa
- Sa chás go ndéanann an tuismitheoir cinneadh gan leanúint ar aghaidh sa phróiseas, ar fáth ar bith.