Reáchtálfar Turas na nÓg chuig Feirm Causey i nGreallaigh, Co. na Mí ar an Satharn 22/04/2023. Cuirfear fáilte roimh bhaill reatha na gclubanna óige (Aois 10-14) chuig an ócáid. Is é an costas €20 an páiste agus clúdaíonn seo an taisteal agus na himeachtaí go léir.
Cuirfear busanna ar fáil ó na háiteanna seo a leanas ach dóthain éilimh a bheith orthu:
Baile na Manach
Ráth Fearnáin
Glasnaíon
An Longfort
An Cabhán
Áth Luain
Droim Seanbhó (Liatroma)
Caisleán an Chomair (Cill Chainnigh)
Cuirfear clár ama na mbusanna ar fáil tar éis dúinn na hiarratais a fháil. Beidh ionadaithe de chuid Chumann na bhFiann leis na páistí ar na busanna uile agus beidh siad leo ag gach aon imeacht i rith an lae. Le háit a chur in áirithe ar an turas seo, ní gá ach an fhoirm iarratais ag an nasc thuas a líonadh.
Bainisteoir an Lae: Liam Ó hEidhin (liam@cnb.ie)