Cumann na bhFiann – Gréasán Óg-Chlubanna
Is é Cumann na bhFiann an tseirbhís óige Ghaeilge is mó sa tír. Eagraítear Óg-Chlubanna Gaeilge seachtainiúla, chomh maith le himeachtaí réigiúnacha agus náisiúnta trí mheán na Gaeilge. Tugann seo deis do dhaoine óga a gcuid Gaeilge labhartha a úsáid agus a fheabhsú lasmuigh de thimpeallacht na scoile ag leibhéal sóisialta. Is é an toradh air seo ná go mbíonn cairde nua le Gaeilge sa cheantar agus ar fud na tíre ag na daoine óga.
Óg-Chlubanna
Eagraíonn Cumann na bhFiann Óg-Chlubanna éagsúla i hallaí áitiúla, ar fud an oileáin. Chomh maith leis sin eagraítear méid áirithe Clubanna Fíorúla (ar líne). ***Beidh na Clubanna dúnta do bhriseadh meán téarma na scoile (31/10-04/11/2022)***
Cé dó na Clubanna? Tá na Clubanna seo oscailte do dhaoine san aoisghrúpa 10-18 bl. d’aois.
Cathain a bhíonn siad ar siúl? Bíonn na clubanna ar siúl gach seachtain ó Mheán Fómhair go dtí an Cháisc.
Cén aoisghrúpa a fhreastalaíonn ar na Clubanna? Tá clubanna ar fáil do dhá aoisghrúpa éagsúil: ‘Óg’ dírithe ar pháistí bunscoile san aoisghrúpa 10-13, agus ‘Sean’ dírithe ar dhaltaí meánscoile san aoisghrúpa 13-18.
Cén costas atá ar na Clubanna? Tá costas €40 ar bhallraíocht bhliantúil le Cumann na bhFiann. Clúdaíonn an costas seo freastal seachtainiúil ar Chlubanna Áitiúla, nó Clubanna Fíorúla, agus laghdú ar chostas na dturas i rith na bliana.
Conas is féidir liom áit a chur in áirithe sa Chlub áitiúil? Cláraigh linn nó logáil isteach chun áit a chur in áirithe i do chlub áitiúil
Cá mbíonn na Clubanna ar siúl? Tá an liosta is déanaí le gach eolas ábharthach thíos (beidh uasdátú á dhéanamh de réir a chéile ar an liosta seo).
Roinnt cúiseanna maithe le freastal ar Chumann na bhFiann
- Maoirseacht shármhaith
- Clubanna á n-eagrú i dtimpeallacht shábháilte
- Raon leathan gníomhaíochtaí
- Foireann thiomanta ar mhian leo cabhrú le na baill
- Córas cinnireachta trína ndéantar mic léinn a spreagadh chun freagrachtaí a ghlacadh
- Deis an Ghaeilge a labhairt ar bhonn rialta
Má tá aon cheist agat faoi na clubanna téigh i dteagmháil linn ag clubanna@cnb.ie