Skip to content Skip to sidebar Skip to footer

Foireann

Is foireann í foireann Choláiste na bhFiann atá tiomanta agus dílis. Tá seantaithí acu ar an obair agus tá grá don Ghaeilge a chothú ina bhunchloch de gach gné den obair a dhéanann siad.

Acadamh Cinnireachta

Tá struchtúr cinnireachta forbartha ag Coláiste na bhFiann atá i gcroílár na ngníomhaíochtaí uile atá á reáchtáil ag an eagraíocht. Is í aidhm an Acadaimh Chinnireachta daoine óga a mhealladh le bheith rannpháirteach agus iad a spreagadh d’fhonn cur lena gcumas bheith ina gcinnirí óga rathúla, muiníneacha. Leagtar béim faoi leith ar thábhacht na freagrachta agus cothaítear í i measc na ndaoine óga. Bíonn sé sin ina ghné ríthábhachtach i bhforbairt phearsanta gach duine óig agus cuireann sé a thuilleadh lena phróifíl scileanna fad agus atá béim á chur ar luach an duine óig.

Cuireann an tAcadamh Cinnireachta roinnt cúrsaí ar fáil atá dírithe ar na príomh-scileanna cinnireachta agus saoil seo a leanas:

  • Ról agus freagrachtaí an chinnire agus scileanna cinnireachta a fhorbairt​
  • Meantóireacht maidir le dea-chleachtais chinnteoireachta agus ardchaighdeáin a bhaint amach
  • Treoir maidir le Dea-Chleachtas Cúram Leanaí, obair a dhéanamh le daoine óga agus Ceardlanna rólghlactha um Chúram Leanaí
  • Treoir maidir le Beartais Sláinte agus Sábháilteachta
  • ​Féin-mhuinín a fhorbairt agus scileanna sóisialta & cumarsáide a chothú​
  • Líofacht agus cruinneas sa Ghaeilge a fhorbairt agus a fheabhsú​
  • Imeachtaí agus gníomhaíochtaí a eagrú​
  • Scileanna oibre buíne

Ardchinnirí

Post cinnireachta sinsearach atá i bpost an Ardchinnire. Oibríonn sé/sí ar ár gcúrsaí agus inár líonra de chlubanna óige. Bíonn an tArdchinnire 18 mbliana d’aois nó níos sine agus bíonn taithí blianta aige leis an eagraíocht. Le bheith i d’Ardchinnire is réamhriachtanas é  freastal ar chúrsaí a chuirtear ar fáil ag an Acadamh Cinnireachta.

Cinnirí & Cúntóirí Cistine

Post  cinnireachta sóisearach atá i bpost an Chinnire agus an Chúntóir Cistine. Oibríonn sé/sí ar ár gcúrsaí agus inár líonra de chlubanna óige. Is féidir le mic léinn a bhfuil spéis acu bheith ina gCinnire nó ina gCúntóir Cistine foirm iarratais a fháil don samhradh dár gcionn ón ‘mBainisteoir’ ar an gcúrsa. Le bheith i do Chinnire nó i do Chúntóir Cistine is réamhriachtanas é  freastal ar chúrsa oiliúna le linn na bliana agus oiliúint sheachtainiúil a fháil sa chlub áitiúil de do chuid.

Is féidir le na scileanna a fhoghlaimítear ag an gcéim seo a bheith fíorluachmhar don duine óg. Trí ról an Chinnire nó an Chúntóra Cistine spreagtar muinín, scileanna eagrúcháin, freagracht, obair bhuíne agus, ar ndóigh, tagann feabhas suntasach ar an gcumas teanga.

Tús eolais ar an Struchtúr Cinnireachta

Tugtar tús eolais ar an struchtúr cinnireachta do mhic léinn ar an gcúrsa. Déanann an Bainisteoir é sin trí fhreagrachtaí áirithe  a thabhairt dóibh atá le cur i bhfeidhm ar bhonn laethúil chun cur le reáchtáil an chúrsa. Is deis é sin aitheantas a thabhairt do mhic léinn as iarrachtaí a dhéantar. Tugtar eolas do na mic léinn uile leis seo ar an smaoineamh d’oibriú mar chuid de bhuíon agus ar an tábhacht a bhaineann leis sin maidir le reáchtáil éifeachtach na gcúrsaí.

Múinteoirí

Oibríonn múinteoirí láncháilithe leis an eagraíocht ar bhonn sealadach ar ár gcúrsaí agus inár líonra clubanna óige. Glacann siad ról lárnach sa phróiseas foghlama foirmiúil inár seirbhísí agus tugann siad tacaíocht thairbheach do bhainisteoirí cúrsaí.   Foirm Iarratais

Mná Tí

Is é ról Bean an Tí ‘baile as baile’ a chur ar fáil, trí bhia a ullmhú agus sábháilteacht agus folláine na ndaltaí atá faoina gcúram a chinntiú. Bíonn Bean an Tí i dteagmháil leis an gCinnire sa teach go rialta, chomh maith le bheith i dteagmháil leis an mBainisteoir, agus tá neart taithí aici ar chúram a thabhairt do na daoine óga atá ag fanacht ina teach.

SUBSCRIBE TO OUR NEWSLETTER

Foras na Gaeilge

Coláiste & Cumann na bhFiann

Ionad Óige na hÉireann, Droim Rí, Co. na Mí. A85K221.

[email protected] +35318259342
Uimhir Charthanachta: 20012373

© 2024 CNB.IE. Gach Ceart Ar Cosaint. Polasaí Príobháideachais.
Dearaithe ag Webmasters.ie

Promoting the Irish Language

Cláraigh do Nuachtlitir CNB.ie
Follow Us

© 2024 CNB.ie. All Rights Reserved.