Skip to content Skip to sidebar Skip to footer
POLASAÍ PRÍOBHÁIDEACHAIS

Ráiteas Ginearálta

Baineann an ráiteas seo lenár gcuid cleachtas príobháideachais i dtaca leis an suíomh gréasáin seo. Nílimid freagrach as inneachar nó as cleachtais phríobháideachais suímh ghréasáin eile. Bíonn aon naisc sheachtracha le suímh ghréasáin eile inaitheanta go soiléir mar sin. Tá meas iomlán ag Coláiste na bhFiann ar do cheart ar phríobháideachas, agus ní dhéanfaidh sé aon fhaisnéis phearsanta fút a bhailiú ar an suíomh gréasáin seo gan cead soiléir uait. Maidir le haon fhaisnéis phearsanta a tháirgeann tú go deonach, caithfear léi sin agus na caighdeáin is airde slándála agus rúndachta á n-úsáid, de réir go docht na nAchtanna um Chosaint Sonraí, 1988 & 2003.

Bailiú agus úsáid faisnéise pearsanta:

Ní dhéanaimid aon fhaisnéis phearsanta fút a bhailiú ar an suíomh gréasáin seo, seachas faisnéis a tháirgeann tú go deonach (mar shampla trí ríomhphost a sheoladh chugainn nó trínár bhfoirmeacha aiseolais a úsáid). Ní chuirtear aon fhaisnéis a sholáthraíonn tú ar an mbealach sin ar fáil do thríú páirtithe, agus ní bhainimid úsáid aisti ach amháin ar aon dul leis an gcríoch dá bhfuil sí curtha ar fáil agat. Féadtar do chuid sonraí pearsanta a anaithnidiú agus a úsáid chun críocha staitistiúla freisin.

Déanann ár soláthraí óstála gréasáin sonraí teicniúla a bhaineann le cuairteanna ar an suíomh gréasáin seo a logáil chun críocha ár staitisticí. Ní dhéantar aon fhaisnéis a bhailiú ar féidir í a úsáid chun cuairteoirí ar an suíomh gréasáin a shainaithint. Tá na sonraí teicniúla a dhéantar a logáil teoranta do na hearraí seo a leanas: seoladh IP fhreastalaí gréasáin an chuairteora, an t-ainm fearainn bharrleibhéil arna úsáid (mar shampla .ie, .com, .org, .net), an seoladh suímh gréasáin roimhe seo óna ndearna an cuairteoir sinne a rochtain, agus aon téarmaí cuardaigh arna n-úsáid san áireamh, sonraí conaire cliceála lena dtaispeántar trácht na gcuairteoirí timpeall ar an suíomh ghréasáin seo (mar shampla leathanaigh arna rochtain agus doiciméid arna n-íoslódáil)

An cineál brabhsálaí gréasáin arna úsáid ag an gcuairteoir ar an suíomh gréasáin

Ní dhéanfaidh Coláiste na bhFiann aon iarracht cuairteoirí aonair a shainaithint, nó chun na sonraí teicniúla thuasliostaithe a chomhcheangal le haon duine aonair. Is é beartas Choláiste na bhFiann gan a leithéid d’fhaisnéis theicniúil a nochtadh in aon chor do thríú páirtí ar bith maidir le cuairteoirí aonair ar an suíomh gréasáin (ach amháin ár soláthraí seirbhíse idirlín, a dhéanann a leithéid de shonraí a thaifeadadh ar ár son agus atá faoi cheangal ag forálacha rúndachta maidir leis sin), mura bhfuil oibleagáid orainn a leithéid d’fhaisnéis a nochtadh faoi riail an dlí.

Policies

Ráiteas um Chosaint Leanaí

Polasaí um Chosaint Leanaí

Polasaí Frithbhulaíochta

Polasaí Sceithireachta

Polasaí Coimhlint Leasa

SUBSCRIBE TO OUR NEWSLETTER

Foras na Gaeilge

Coláiste & Cumann na bhFiann

Ionad Óige na hÉireann, Droim Rí, Co. na Mí. A85K221.

[email protected] +35318259342
Uimhir Charthanachta: 20012373

© 2024 CNB.IE. Gach Ceart Ar Cosaint. Polasaí Príobháideachais.
Dearaithe ag Webmasters.ie

Promoting the Irish Language

Cláraigh do Nuachtlitir CNB.ie
Follow Us

© 2024 CNB.ie. All Rights Reserved.