EOLAS FÚINN
Tá os cionn 50 bliain taithí ag Coláiste na bhFiann ag reáchtáil cúrsaí samhraidh Gaeilge, laistigh agus lasmuigh den Ghaeltacht. Is é an phríomhaidhm atá ag an eagraíocht ná an Ghaeilge a mhúineadh do dhaoine óga i suíomh fáilteach agus taitneamhach, rud a spreagann meon dearfach iontu i leith na teanga. Tar éis dóibh cúrsa a dhéanamh linn cuirtear deis ar fáil do na daltaí an Ghaeilge a labhairt go rialta agus cairdeas trí Ghaeilge a chothú trí freastal ar Óg Club dár gcuid. Eagraíonn Cumann na na bhFiann gréasán náisiúnta Óg Chlubanna agus imeachtaí i nGaeilge. Nuair a chuirtear aithne ar dhaoine ar cheann dár gcúrsaí tá sé níos éasca agus níos nádúrtha do na daoine óga an cairdeas sin a choinneáil trí mheán na Gaeilge. Leanann go leor de na daltaí, a fhreastalaíonn ar Choláiste na bhFiann, ar aghaidh chuig ár nAcadamh Cinnireachta agus glacann siad páirt ann linn, ag obair ar ár gcúrsaí agus ag na himeachtaí do dhaoine óga a bhíonn á reáchtáil againn.