Skip to content Skip to sidebar Skip to footer

Tá ríméad orainn, i gColáiste na bhFiann, a fhógairt go bhfuil ár gCúrsaí Samhraidh do 2022 á seoladh Dé Céadaoin 15 Meán Fómhair. Tá sé seo i gcomhthráth lenár suíomh gréasáin nua www.cnb.ie a bhfuil feidhm áirithinte nua aige a bheidh ina chabhair mhór do thuismitheoirí agus iad ag cur cúrsaí in áirithe. Toisc go bhfuilimid luath i bpróiseas na n-áirithinte ar líne, ná bíodh leisce ort teagmháil a dhéanamh linn le haon cheisteanna atá agat. Bhí a lán tuismitheoirí i dteagmháil cheana féin le ceisteanna faoi dhátaí agus faoi na cúrsaí is oiriúnaí do gach aoisghrúpa. Tá rannóg Ceisteanna Coitianta againn ach mura gclúdaítear do cheist ann ní gá ach ríomhphost a chur chugainn.

Toisc nach raibh aon chúrsaí againn le dhá bhliain anuas, shocraíomar go mbeidh ar gach dalta, idir shean agus nua, freastal ar sheisiún réamheolais ar líne. Measaimid go mbainfidh daltaí a bhí linn roimhe seo leas as ‘athnuachan’, agus is cinnte go bhfoghlaimeoidh gach dalta nua go leor faoi chúrsa Coláiste na bhFiann agus a bhfuil i gceist leis. Is deis í díriú ar na buntáistí a bhaineann le cúrsa le Coláiste na bhFiann.

Tá athrú beag tagtha ar ár gcóras áirithinte sa mhéid is nach gá duit ach éarlais a íoc roimh an seisiún réamheolais. Ansin beidh 10 lá agat chun an t-iarmhéid a íoc má tá tú ag leanúint leis an iarratas. Tá sé ar nós atosú dúinn agus táimid an-shásta a bheith ag forbairt arís. Rachfar i dteagmháil lenár bhfoireann go léir, Bainisteoirí, Múinteoirí, Ardchinnirí agus Cinnirí sna seachtainí amach romhainn ionas gur féidir linn leanúint leis an bpleanáil don samhradh seo chugainn. Tá roinnt athruithe ar na cúrsaí atá á dtairiscint againn i dtéarmaí cúrsaí coicíse agus trí seachtaine. Mar thoradh ar aiseolas ó thuismitheoirí tá líon na gcúrsaí coicíse méadaithe againn do 2022. Mar is gnách, molaimid na cúrsaí ag deireadh an tSamhraidh dóibh siúd a bheidh ag tabhairt faoi scrúdú sa chéad scoilbhliain eile.

SUBSCRIBE TO OUR NEWSLETTER

Foras na Gaeilge

Coláiste & Cumann na bhFiann

Ionad Óige na hÉireann, Droim Rí, Co. na Mí. A85K221.

[email protected] +35318259342
Uimhir Charthanachta: 20012373

© 2024 CNB.IE. Gach Ceart Ar Cosaint. Polasaí Príobháideachais.
Dearaithe ag Webmasters.ie