X
Turas na n-Óg 2024
Reáchtálfar Turas na nÓg chuig Feirm Causey i nGreallaigh, Co. na Mí ar an Satharn 23/03/2024. Cuirfear fáilte roimh bhaill reatha na gclubanna óige (Aois 10-14) chuig an ócáid. Is é an costas €23 an páiste agus clúdaíonn seo an taisteal agus na himeachtaí go léir. Cuirfear busanna ar fáil ó na háiteanna seo a leanas…
Ullmhúchán don Ardteistiméireacht 2024
Tá cúrsa Ullmhúchán don Ardteistiméireacht ar ais i nDroim rí i mbliana ag díriú ar an mBéaltriail agus Cluastuiscint. Cathain: 10r.n. - 5i.n. Dé Sathairn, 2 Márta 2024 Ag clúdú: Dian rang Gramadaí, An Bhéaltriail, Léamh na Filíochta, Sraith Pictiúr, Béaltriail bhréige agus Aiseolas (Oiriúnach don 5ú & 6ú bliain) Costas: €120 - Cúrsa go hiomlán trí mheán…
Eolaí Óg, RDS 11-13 Eanair 2024
Beidh foireann Chumann na bhFiann i láthair san RDS i mBáile Átha Cliath ó 11-13 Eanáir don chomórtas Eolaí Óg 2024. Buail isteach le labhairt linn ag ár seastáin. Líon isteach an fhoirm thíos inniu le tuilleadh eolais a fháil faoinár nÓg Clubanna agus Cúrsaí Samhraidh. #BTYSTE …

Cumann na bhFiann – Youth Club Structure

Cumann na bhFiann creates a national network for young people to use and improve their spoken Irish in an informal setting outside the school system. This is achieved through the organisation of youth clubs, national and regional events, tours and activities.

Cumann na bhFiann

Is é Cumann na bhFiann an tseirbhís óige Ghaeilge is mó sa tír. Eagraítear Óg-Chlubanna Gaeilge seachtainiúla, chomh maith le himeachtaí réigiúnacha agus náisiúnta trí mheán na Gaeilge. Tugann seo deis do dhaoine óga a gcuid Gaeilge labhartha a úsáid agus a fheabhsú lasmuigh de thimpeallacht na scoile ag leibhéal sóisialta. Is é an toradh ar seo ná go mbíonn cairde nua le Gaeilge sa cheantar agus ar fud na tíre ag na daoine óga.

Cumann na bhFiann – Gréasán Óg-Chlubanna

Roinnt cúiseanna maithe le freastal ar Chumann na bhFiann

  •   Maoirseacht shármhaith​
  •   Clubanna arna n-eagrú i dtimpeallacht shábháilte​
  •   Raon leathan de ghníomhaíochtaí​
  •   Foireann thiomanta ag a bhfuil tiomantas dár mbaill​
  •   Córas cinnireachta trína ndéantar mic léinn a spreagadh freagrachtaí a ghlacadh​
  •   Deis chun an Ghaeilge a labhairt ar bhonn rialta​

Cláraigh le hIrisleabhar CNB.ie

Le do thoil líon isteach do sheoladh ríomhphoist chun clárú leis an Irisleabhar.

 
 

 

Categories: Faoi
CNB.ie:
Related Post