Skip to content Skip to sidebar Skip to footer

Tá saibhreas taithí gnóthaithe ag Coláiste na bhFiann thar 50 bliana agus é ag reáchtáil Cúrsaí Samhraidh na Gaeilge. Anois tá an taithí luachmhar seo, i dtéarmaí forbartha acadúla agus sóisialta araon, á húsáid agus á saincheapadh go sainiúil chun roinnt pacáistí de thurais scoile a thairiscint.

Agus forbairt á déanamh ar an stór focal a dhéantar a theagasc ar fud snáitheanna éagsúla an chóras  oideachais, trí na pacáistí scoile sin soláthrófar meán léirithe atá taitneamhach, idirghníomhach agus oideachasúil do na mic léinn ionas gur féidir leo iad féin a léiriú tri mheán na Gaeilge i suíomh lasmuigh den seomra ranga.

Baineann na mic léinn leas as éiteas bunúsach chúrsaí Choláiste na bhFiann, ina bhfuil lántumadh agus foghlaim trí ghníomhaíochtaí ina luachanna lárnacha de gach pacáiste de thuras scoile. Déantar brabúis uile ó na cúrsaí sin a athinfheistiú in Ionad Óige na hÉireann. Trínár bpacáiste réamhoibre uathúil déantar na mic léin a ullmhú do nádúr lántumthach an turais.

Buailfidh ball d’fhoireann Choláiste na bhFiann le foireann mhúinteoireachta gach scoile chun leibhéal na Gaeilge a aontú a theastaíonn ó na múinteoirí agus na mic léinn ar an gcúrsa le haghaidh a thréimhse. Go ginearálta, is féidir gach clár a mhionathrú chun riachtanais shainiúla do mhac léinn a oiriúnú.

 

Gaelcholáistí

Tríd an bpacáiste seo soláthraítear turas cónaithe lena mbaineann raon leathan ghníomhaíochtaí taitneamhacha lasmuigh de thimpeallacht na scoile. Spreagtar na mic léinn leis chun an Ghaeilge a úsáid agus taitneamh a bhaint as an teanga lasmuigh den scoil. Féadtar turais chuig áiteanna stairiúla ar díol spéise leo iad a bheith san áireamh leis an turas sin.

Aoisghrúpa

Bliain a 1 – Bliain a 3, Bliain a 5

Gaelscoileanna

Tá an pacáiste seo fócasaithe go hiomlán ar dhaltaí óga a fhreastalaíonn ar Ghaelscoileanna. Is é fócas príomhúil an turais seo an teanga a thógáil lasmuigh de thimpeallacht na scoile. Tá turais lae agus turais chónaithe thar oíche ar fáil don aoisghrúpa seo.

Aoisghrúpa

Rang a 4 – 6

Clár Ama Samplach do dhaltaí bunscoile (Turas lá amháin)

09:30 Fáiltiú na nDaltaí

09:45 Cluichí Gníomhacha

10:45 Comórtas Craiceáilte

11.10 Ceardlann Rince

11.35 Ceardlann Drumadóireacht

12.00 Lón 12:30 Ceardlann Amhránaíochta

12:55 Múineadh Rince & Céilí

14:00 Críoch an Lae

Bunscoileanna

Tá an pacáiste seo fócasaithe go hiomlán ar dhaltaí óga a fhreastalaíonn ar scoileanna náisiúnta ina labhraítear an Béarla. Is é fócas príomhúil an turais seo an teanga a thógáil lasmuigh de thimpeallacht na scoile. Tá turais lae agus turais chónaithe thar oíche ar fáil don aoisghrúpa seo.

Aoisghrúpa

Rang a 3 – 6

Meánscoileanna

Deartar an pacáiste seo chun freastal ar dhéagóirí. Tríd an bpacáiste turais ligtear do dhéagóirí a saibhreas Gaeilge atá foghlamtha acu ach nach bhfuil úsáidte fós a shaothrú. Is é fócas príomhúil an turais seo an teanga a thógáil lasmuigh de thimpeallacht na scoile agus ligean do dhéagóirí scileanna nua agus cairdeas a fhorbairt agus a gcuid Gaeilge féin á húsáid i suíomh lántumtha.

Aoisghrúpa

Bliain a 1 – Bliain a 3, Bliain a 5

Clár Ama Samplach do dhéagóirí meánscoile (Turas trí lá)

Lá a 1

14:00 Clárú agus Fáiltiú

14:30 Scónaí & Tae

15:00 Málaí sa Lóistín

15:30 Cluichí Forbairt Foirne

18:00 Dinnéar & Milseog

19:00 Tráth na gCeist

20:00 Múineadh Rincí & Céilí

22:00 Suipéar

22:30 Leaba

22:50 Soilse Múchta

Lá a 2

09:00 Bricfeasta

09:30 Ceardlann Drumadóireachta

10:00 Ceardlann Damhsa

10.30 Tionscadal Ealaíne

11:00 Brat a chruthú don scoil

13:00 Lón

14:00 Turas Stairiúil – Cnoc an Teamhrach

15:30 Sraithchomórtas Spóirt

18:00 Dinnéar & Milseog

20:00 Céilí & Cluichí

22:00 Suipéar

22:30 Leaba

22:50 Soilse Múchta

Lá a 3

09:00 Bricfeasta

09:30 Turas go Caisleán Bhaile Átha Throim

10.30 Sos Bia

11:00 Tóraíocht Taisce

12:00 Bronnadh na nDuaiseanna

13:00 Lón

13:45 Críoch an Turais

Idirbhliain

Is é aidhm an turais seo féinmhuinín agus scileanna cumarsáide a mhéadú trí mheán na Gaeilge. Déanaimid éagsúlacht leathan de ghníomhaíochtaí taitneamhacha agus dúshlánacha a thairiscint, atá deartha chun forbairt na muiníne agus na líofachta sa teanga a fheabhsú. Spreagtar daltaí chun tascanna a phleanáil, a chur in iúl agus a chur chun feidhme le chéile d’fhonn dúshláin iomaíocha a chur i gcrích. Déanfar gné láidir um neartú foirne a chorprú tríd an gclár i dtimpeallacht shóisialta.

BRÚ ANSEO LE CLÁRÚ DO THURAS SCOILE ANOIS!

SUBSCRIBE TO OUR NEWSLETTER

Foras na Gaeilge

Coláiste & Cumann na bhFiann

Ionad Óige na hÉireann, Droim Rí, Co. na Mí. A85K221.

[email protected] +35318259342
Uimhir Charthanachta: 20012373

© 2024 CNB.IE. Gach Ceart Ar Cosaint. Polasaí Príobháideachais.
Dearaithe ag Webmasters.ie

Promoting the Irish Language

Cláraigh do Nuachtlitir CNB.ie
Follow Us

© 2024 CNB.ie. All Rights Reserved.