Skip to content Skip to sidebar Skip to footer
  1. Cad atá clúdaithe i dtáille an chúrsa? Clúdaíonn táille an chúrsa cóiríocht, maoirseacht, béilí, teagasc agus gníomhaíochtaí laethúla.
  2. Cathain ar chóir dom iarratas a dhéanamh don chéad shamhradh eile? Cláraítear na hiarratais ar bhonn dáta. Molaimid go láidir gur chóir do gach tuismitheoir iarratas a mhic / a iníne a dhéanamh ar líne chomh luath agus is féidir agus gan fanacht ar chairde.
  3. An bhfuil cúrsaí Coláiste na bhFiann á reáchtáil i gcoláistí cónaithe nó i dtithe le Bean an Tí i gceantar Gaeltachta? Cuireann Coláiste na bhFiann cúrsaí ar fáil i gcoláiste cónaithe agus i dtithe le Bean an Tí i gceantair Ghaeltachta. Coláiste Cónaithe: Ionad Óige na hÉireann, Droim Rí, Co na Mí. Coláistí Gaeltachta: Ráth Chairn, Co. na Mí; Gaoth Dobhair, Co. Dhún na nGall, agus Ros Muc, Co. na Gaillimhe.
  4. Cé mhéad d’éarlais ata ann? €300
  5. Cad é na rialacha i ndáil le labhairt an Bhéarla? Má labhrann dalta Béarla de thimpiste, tabharfar rabhadh dó/di. Má tharlaíonn seo arís, cuirfear tuismitheoirí/caomhnóirí ar an eolas agus iarrfar orthu labhairt leis an dalta. Má labhrann an dalta Béarla arís ní bheidh de rogha againn ach é/í a chur abhaile. Ní cheadofar d’aon duine a bheith ag labhairt i mBéarla d’aon ghnó ar chor ar bith áfach agus má bheirtear ar dhalta ag labhairt i mBéarla d’aon ghnó beidh air/uirthi dul abhaile gan rabhadh agus ní aisíocfar aon airgead. (Forfheidhmítear na rialacha seo ón tráth a shroicheann an dalta an coláiste don chúrsa)
  6. Cad atá i gceist leis an gcruinniú eolais? Sula dtéann páiste ar bith ar chúrsa Coláiste na bhFiann, ní mór dóibh, in éineacht le tuismitheoir amháin ar a laghad, freastal ar sheisiúin eolais. Is gá freastal ar an gcruinniú seo don tréimhse ina iomláine. Tugtar deis caighdeán Gaeilge na bpáistí a mheas agus bualadh le gach páiste agus tuismitheoir roimh dhul ar chúrsa. Déantar cur i láthair don ghrúpa, a thugann léargas ar chúrsa Coláiste na bhFiann, agus a chuimsíonn gach gné dár gcúrsaí. Freagraítear aon cheist agus pléitear aon riachtanais phearsanta cothaithe/leighis srl. Tá sé riachtanach freastal ar an gcruinniú eolais sin. Is gá Amhrán na bhFiann a fhoghlaim de ghlanmheabhair don chúrsa.
  7. Cad é an chéad chéim eile mura n-éiríonn leo ag an gcruinniú eolais? Tugtar deis do gach páiste é a athdhéanamh. Déanfaidh an oifig teagmháil chun seo a shocrú.
  8. Cathain a bhíonn fuílleach na táille le híoc? Bíonn fuílleach an táille le híoc do gach páiste i ndiaidh freastal ar an gcruinniú eolais (7 lá). Rachaidh nóta amach i mí Feabhra ag lorg fuílleach an táille chucu siúd nach bhfuil orthu freastal ar an gcruinniú eolais. Is gá fuílleach an táille a íoc roimh an 23 Feabhra 2024.
  9. Tá mo pháiste ar liosta feithimh ar chúrsa. An gá dom an táille ina iomláine a íoc? Ní íocann na páistí ar liostaí feithimh táille, toisc nach bhfuil áit ar chúrsa acu. Má tá an dalta ar liosta feithimh, ní gá aon airgead a íoc go dtí go bhfaightear áit cinnte ar an gcúrsa. Níl aon chinnteacht faoi seo. Aisíoctar éarlais iomlán do dhaltaí nach dtagann áit chun cinn dóibh.
  10. An eagraíonn Coláiste na bhFiann taisteal chuig na cúrsaí? Ní eagraíonn.
  11. Tá seans ann go mbeidh cluichí peile/imeachtaí spóirt ag mo pháiste le linn an chúrsa go gcaithfidh siad freastal orthu. An féidir é seo a dhéanamh? Bíonn an cúrsa á reáchtáil go hiomlán trí mheán na Gaeilge agus, mar sin, tá sé tábhachtach go bhfuil na páistí in ann freastal ar an gcúrsa ina iomláine. Is gá iarratais a dhéanamh leis an oifig má bhíonn ceist faoin gcúrsa a fhágáil, ar chúis ar bith.
  12. Ba mhaith le m’iníon agus a cairde a bheith sa teach le chéile? An féidir é seo a eagrú? Tá sé mar pholasaí gan cairde ná baill teaghlaigh a chur le chéile mar gheall ar nádúr tumoideachais iomlán an chúrsa. Ní féidir nósanna saol a athrú thar oíche i dtéarmaí teanga. Má scartar páistí atá i dtaithí ar Bhéarla a labhairt le chéile is lú seans go mbeidh timpiste acu. Is féidir leis chur isteach ar dhaltaí atá ag freastal leo féin má tá grúpaí cairde le feiceáil ag freastal le chéile. Déanaimid ár ndícheall timpeallacht a chruthú a thugann deis do gach páiste aithne a chur ar a chéile laistigh den chéad 2-3 lá rud a chuirfidh deireadh leis an mbaol de ‘cliques’. Bíonn na daltaí ar fad in aon ionad amháin gach lá taobh amuigh den lóistín.
  13. Cathain a sheoltar amach eolas faoin gcúrsa? Seoltar eolas chuig gach teaghlach 2 sheachtain roimh thús an chúrsa. Áirítear leis seo sonraí teagmhála an chúrsa, cad ba cheart a phacáil agus eolas úsáideach do thuismitheoirí agus a bpáistí ag freastal ar chúrsa.
  14. An bhfuil earraí pearsanta na ndaltaí clúdaithe faoi árachais Choláiste na bhFiann? Rinneamar gach iarracht a chinntiú go bhfuil gach gné dár gcúrsa agus ár ngníomhaíochtaí clúdaithe i gceart ar an bpolasaí árachais. Ní féidir le Coláiste na bhFiann a bheith freagrach as earraí pearsanta na bpáistí agus ní féidir clúdach árachais a fháil i leith nithe den sórt sin m.sh. éadaí, earraí maisiúcháin, seodra, uirlisí ceoil, trealamh spóirt, srl. Ar chomhairle ár n-árachóirí, moltar go gcumhdaítear gach rud luachmhar a thógann na páistí leo ar an gcúrsa faoi alt ‘Gach Riosca’ ar árachas tí sa bhaile. Is iad na huirlisí ceoil agus trealamh spóirt na nithe is coitianta atá i gceist. Beidh gach páiste freagrach as a chuid earraí pearsanta féin agus molaimid go láidir nach dtugann siad na hearraí ar iasacht do dhaltaí eile. Mar sin is oth linn a rá nach féidir linn glacadh le freagracht as earraí a chailltear le linn an chúrsa. ​
  15. An bhféadfadh mo mhac a ghuthán soghluaiste a úsáid sa tráthnóna? Tá polasaí neamhfhulaingt glan ag Coláiste na bhFiann maidir le guthán soghluaiste pearsanta. Is féidir teagmháil a dhéanamh le do pháiste trí ghuthán soghluaiste an choláiste, más gá. Molaimid go láidir go bhfágfaí na gutháin soghluaiste sa bhaile mar go mbeadh díbirt i gceist má tá siad ag an bpáiste ar an gcúrsa. Is ar mhaithe le sábháilteacht páiste atá an riail seo againn.
  16. Cathain is féidir le mo pháiste scríobh abhaile? Cuirfidh gach páiste litir abhaile ar an gcéad Mháirt den chúrsa agus go rialta ina dhiaidh sin. Cuirtear iad seo ar fad sa phost ar an Máirt. Mura bhfaightear é faoin Déardaoin, is fearr teagmháil a dhéanamh leis an mBainisteoir. Tá litreacha an-tábhachtach do na páistí. Iarraimid go ndéanfaidh gach tuismitheoir iarracht litreacha a sheoladh chuig a gcuid páistí agus iad ar chúrsa linn.
  17. Cathain is féidir liom cuairt a thabhairt ar mo pháiste? Bíonn am cuarta Dé Domhnaigh idir 2.30 – 4.30. Leanann gníomhaíochtaí an choláiste le linn an ama seo. Le bheith cothrom do gach páiste iarraimid ar gach tuismitheoir cloí leis na huaireanta seo.
  18. Cé hé an príomhphointe teagmhála agus mo pháiste ar an gcúrsa? Is é Bainisteoir an chúrsa nó duine ainmnithe eile an phríomhphointe teagmhála nuair atá do pháiste ar an gcúrsa. Gheobhaidh tú uimhir an chúrsa ar an gcéad lá. Is féidir teagmháil a dhéanamh leis an Ardoifig, trí ríomhphost a sheoladh nó trí ghlaoch a chur, le linn uaireanta oifige (9.30 – 5.00 Luan go hAoine)
  19. An mbíonn searmanas deiridh ann ar an gcúrsa? Bíonn searmanas deiridh ag gach cúrsa a léiríonn an obair a rinne na páistí le linn an chúrsa. Tá sé tábhachtach go bhfuil tuismitheoirí agus an teaghlach i láthair.
  20. An dtugann Coláiste na bhFiann deiseanna an Ghaeilge a úsáid i rith na bliana? Tugann. Molann Coláiste na bhFiann go láidir go bhfreastalóidh gach páiste ar Chumann na bhFiann, líonra náisiúnta clubanna óige, a reáchtáiltear go seachtainiúil ó Mheán Fómhair go dtí an Cháisc. Trí fhreastal ar an líonra seo, tugann sé deis don pháiste an líofacht a ghnóthaigh siad ar na cúrsaí a choinneáil.
  21. Cad iad na nithe a bhfuil cosc orthu ar an gcúrsa?
    • Leabhair/Foclóirí Béarla
    • Gairis teicneolaíochta/uaireadóir cliste
    • Fón póca
    • Aerasól
    • Díritheoir gruaige
    • Guma coganta
    • Ceamara digiteach (ceamara aon uaire molta)
    • Alcól
    • Toitíní/Galtoitíní
    • Lastóirí
    • Drugaí
    • Gach earra eile atá in aghaidh an dlí
  22. Cad ba chóir do dhaltaí a thabhairt leo?
    • Cóta báistí​
    • Uachtar gréine
    • Culaith mhaith éadaí amháin agus a dhóthain éadaí do thréimhse an chúrsa (Ainm an dalta as Gaeilge orthu)
    • Pé gléas ceoil a sheinneann sé/sí
    • Buidéal in-athúsáidte d’uisce
    • Pé fearais/éadaí spóirt a úsáideann sé/sí – go háirithe culaith snámha, caipín snámha, bróga reatha agus flip fleap
    • Roinnt clúdach le seoladh baile (as Gaeilge) agus stampaí orthu
    • Éadaí leapa nó mála codlata chomh maith le piliúr agus braillín
    • Go leor tuáillí agus fearais níocháin
    • Mála mór níocháin

SUBSCRIBE TO OUR NEWSLETTER

Foras na Gaeilge

Coláiste & Cumann na bhFiann

Ionad Óige na hÉireann, Droim Rí, Co. na Mí. A85K221.

[email protected] +35318259342
Uimhir Charthanachta: 20012373

© 2024 CNB.IE. Gach Ceart Ar Cosaint. Polasaí Príobháideachais.
Dearaithe ag Webmasters.ie

Promoting the Irish Language

Cláraigh do Nuachtlitir CNB.ie
Follow Us

© 2024 CNB.ie. All Rights Reserved.