X
Turas na n-Óg 2024
Reáchtálfar Turas na nÓg chuig Feirm Causey i nGreallaigh, Co. na Mí ar an Satharn 23/03/2024. Cuirfear fáilte roimh bhaill reatha na gclubanna óige (Aois 10-14) chuig an ócáid. Is é an costas €23 an páiste agus clúdaíonn seo an taisteal agus na himeachtaí go léir. Cuirfear busanna ar fáil ó na háiteanna seo a leanas…
Ullmhúchán don Ardteistiméireacht 2024
Tá cúrsa Ullmhúchán don Ardteistiméireacht ar ais i nDroim rí i mbliana ag díriú ar an mBéaltriail agus Cluastuiscint. Cathain: 10r.n. - 5i.n. Dé Sathairn, 2 Márta 2024 Ag clúdú: Dian rang Gramadaí, An Bhéaltriail, Léamh na Filíochta, Sraith Pictiúr, Béaltriail bhréige agus Aiseolas (Oiriúnach don 5ú & 6ú bliain) Costas: €120 - Cúrsa go hiomlán trí mheán…
Eolaí Óg, RDS 11-13 Eanair 2024
Beidh foireann Chumann na bhFiann i láthair san RDS i mBáile Átha Cliath ó 11-13 Eanáir don chomórtas Eolaí Óg 2024. Buail isteach le labhairt linn ag ár seastáin. Líon isteach an fhoirm thíos inniu le tuilleadh eolais a fháil faoinár nÓg Clubanna agus Cúrsaí Samhraidh. #BTYSTE …

Carnabhal na nGaelscoileanna

Is turas scoile é Carnabhal na nGaelscoileanna, do pháistí na nGaelscoileanna agus scoileanna Gaeltachta. Tá rogha de thrí ionad éagsúil, ina mbeidh Carnabhal na nGaelscoileanna ar siúl i, gCo. na Mí, gCo. Chorcaí agus gCo Thír Eoghain le linn mí an Mheitheamh. Tugann Carnabhal na nGaelscoileanna deis do dhaltaí scoile, buaileadh le daltaí ó Gaelscoileanna eile ar thuras go hiomláin tré mhéan na Gaeilge. Is deis iontach í seo, labhairt na gaeilge a normalú do bhur dhaltaí, lasmuigh den seomra ranga/geataí na scoile agus cur leis an dea obair atá ar siúl agaibh cheanna féin sa scoil.

Cúige Uladh – Ionad Torrent, An Domhnach Mór, Co. Thír Eoghain. 25/05/2022 Rang 4-7 Líonta!!

Cúige Mumhan – CLG Mala, Bóthar Naomh Sheosamh, Mala, Co. Chorcaí. 31/05/2022 Rang 4-6 – Líonta!!

Cúige Laighean – Ionad Óige na hÉireann, Droim Rí, Co. na Mí. 08/06/2022 Rang 4-6 – Spás do Rang amháin 

Cúige Laighean – Ionad Óige na hÉireann, Droim Rí, Co. na Mí. 09/06/2022 Rang 4-6 – Spás do Rang amháin 

Do tuilleadh eolais déan teagmháil le barra@cnb.ie +353 87 9882180 +353 1 8259342

#carnabhalnagaelscoileanna #tionolgaeloideachas #gaelscoileanna #scoileannasagaeltacht

Clárú: Turas Scoile - Carnabhal na nGaelscoileanna

Barra Mac Thiarnáin:
Related Post