X
Turas na n-Óg 2024
Reáchtálfar Turas na nÓg chuig Feirm Causey i nGreallaigh, Co. na Mí ar an Satharn 23/03/2024. Cuirfear fáilte roimh bhaill reatha na gclubanna óige (Aois 10-14) chuig an ócáid. Is é an costas €23 an páiste agus clúdaíonn seo an taisteal agus na himeachtaí go léir. Cuirfear busanna ar fáil ó na háiteanna seo a leanas…
Ullmhúchán don Ardteistiméireacht 2024
Tá cúrsa Ullmhúchán don Ardteistiméireacht ar ais i nDroim rí i mbliana ag díriú ar an mBéaltriail agus Cluastuiscint. Cathain: 10r.n. - 5i.n. Dé Sathairn, 2 Márta 2024 Ag clúdú: Dian rang Gramadaí, An Bhéaltriail, Léamh na Filíochta, Sraith Pictiúr, Béaltriail bhréige agus Aiseolas (Oiriúnach don 5ú & 6ú bliain) Costas: €120 - Cúrsa go hiomlán trí mheán…
Eolaí Óg, RDS 11-13 Eanair 2024
Beidh foireann Chumann na bhFiann i láthair san RDS i mBáile Átha Cliath ó 11-13 Eanáir don chomórtas Eolaí Óg 2024. Buail isteach le labhairt linn ag ár seastáin. Líon isteach an fhoirm thíos inniu le tuilleadh eolais a fháil faoinár nÓg Clubanna agus Cúrsaí Samhraidh. #BTYSTE …

Carnabhal na nGaelscoileanna

Is turas scoile é Carnabhal na nGaelscoileanna, do pháistí Gaelscoileanna agus scoileanna Gaeltachta. Tá rogha sé ionad éagsúil, ina mbeidh Carnabhal na nGaelscoileanna ar siúl:

Tugann Carnabhal na nGaelscoileanna deis do dhaltaí scoile, bualadh le daltaí ó Ghaelscoileanna eile ar thuras a eagraítear go hiomlán tré mhéan na Gaeilge. Is deis iontach í seo, labhairt na Gaeilge a normalú do bhur ndaltaí, lasmuigh den seomra ranga/geataí na scoile agus cur leis an dea-obair atá ar siúl agaibh cheana féin sa scoil.

Glas = Spásanna Fágtha

Oráiste = Spásanna teoranta

Dearg = Níl aon spás fágtha.

Ionad Óige na hÉireann, Co. na Mí. A85K221 Máirt 14/05/2024 – 10rn – 2in
Ionad Óige na hÉireann, Co. na Mí. A85K221 Céadaoin 15/05/2024 – 10rn – 2in
Ionad Óige na hÉireann, Co. na Mí. A85K221 Déardaoin 26/05/2024 – 10rn – 2in
Co. Dhoire Máirt 21/05/2024 – 10rn – 2in
Béal Feirste Céadaoin 22/05/2024 – 10rn – 2in
Co. Chorcaí Máirt 28/05/2024 – 10rn – 2in
Luimneach Céadaoin 29/05/2024 – 10rn – 2in
Gaillimh Déardaoin 30/05/2024 – 10rn – 2in

Clárú: Turas Scoile - Carnabhal na nGaelscoileanna

Barra Mac Thiarnáin:
Related Post