Skip to content Skip to sidebar Skip to footer

De bharr an méadú le déanaí ar chásanna COVID, go háirithe i measc daoine óga, tá Cumann na bhFiann tar éis cinneadh a dhéanamh gan dul ar aghaidh le hathoscailt ár gclubanna áitiúla ar fud na tíre mar a bhí beartaithe. Bhí sé mar aidhm againn i gcónaí ár seirbhísí sa phobal a oscailt arís nuair a bheidh sé sábháilte é sin a dhéanamh dár mbaill, agus dár bhfoireann tiomnaithe d’oibrithe deonacha. Is léir go bhfuil cúrsaí i dtaobh COVID imithe in olcas ón am gur tosaíodh ag déanamh pleanála ar an bpróiseas seo i mí Mheán Fómhair.

Tá súil againn anois ár gclubanna a athoscailt chomh luath agus a bheidh sé sábháilte é sin a dhéanamh i 2022, agus ar ndóigh beimid i dteagmháil leat arís níos giorra don am.

Má tá aon cheist agat faoi seo, nó moladh ar an ábhar, ní gá ach teagmháil a dhéanamh linn ag clubanna@cnb.ie

 

Le gach dea mhéin,

Foireann Chumann na bhFiann

Leave a comment

Promoting the Irish Language

Cláraigh do Nuachtlitir CNB.ie
Follow Us

© 2021 CNB.ie. All Rights Reserved.

Sign Up to Our Newsletter

Be the first to know the latest updates