Skip to content Skip to sidebar Skip to footer

Clubanna Áitiúla – Márta – Bealtaine 2022

Tá áthas ar Chumann na bhFiann a fhógairt go bhfuil cuid dár gclubanna óige seachtainiúla ag oscailt i mí Feabhra agus Márta 2022. Tá liosta thíos de na clubanna atá oscailte go fóill agus beidh tuilleadh clubanna á chur leis an liosta sna seachtaine romhainn. Beidh na clubanna seo ar siúl gach seachtain (seachas an briseadh meán téarma) go dtí saoire na Cásca. Táimid ag súil go mbeimid in ann formhór na gclubanna eile a oscailt níos déanaí i 2022.

Níl aon chostas ar dhaoine freastal ar na clubanna ach is gá dóibh clárú tríd an fhoirm thíos a líonadh, agus beidh spásanna teoranta ann.

Is deis iontach í an club seachtainiúil le taithí a fháil ar an teanga a labhairt arís, agus bualadh le cairde nua dar ndóigh!

Má tá aon cheist agat faoi na clubanna ní gá ach teagmháil a dhéanamh linn ag [email protected]

Le gach dea mhéin,

Foireann Chumann na bhFiann

Óg Chlub = 10-13 bl.

Sean Chlub = 13-18 bl.

 

SUBSCRIBE TO OUR NEWSLETTER

Foras na Gaeilge

Coláiste & Cumann na bhFiann

Ionad Óige na hÉireann, Droim Rí, Co. na Mí. A85K221.

[email protected] +35318259342
Uimhir Charthanachta: 20012373

© 2024 CNB.IE. Gach Ceart Ar Cosaint. Polasaí Príobháideachais.
Dearaithe ag Webmasters.ie