Skip to content Skip to sidebar Skip to footer

Teacht le chéile oifigiúil agus lá spraoi atá i gceist le Tóstal na bhFiann. Ar an lá bíonn ceiliúradh mór ar an méid atá bainte amach i rith an tsamhraidh. Chomh maith leis sin déantar seoladh oifigiúil ar imeachtaí an gheimhridh de chuid Chumann na bhFiann. Tugann sé deis do dhaoine óga bualadh lena gcairde arís i dtimpeallacht Ghaeilge. Eagraítear imeachtaí éagsúla ar an lá: trampailín buinsí, boghdóireacht, beárbaiciú, comórtais, cairtíneacht, agus céilí.

Is é €10 an duine óig an costas ar an lá agus clúdaíonn sé sin an taisteal agus na himeachtaí go léir. Cuirfear clár ama na mbusanna ar fáil tar éis dúinn na hiarratais a fháil. Beidh ionadaithe de chuid Chumann na bhFiann leis na daltaí ar na busanna uile agus beidh siad leo ag gach aon imeacht i rith an lae. Le háit a chur in áirithe ar an turas seo, ní gá ach an fhoirm iarratais ag an nasc thíos a líonadh.

 

SUBSCRIBE TO OUR NEWSLETTER

Foras na Gaeilge

Coláiste & Cumann na bhFiann

Ionad Óige na hÉireann, Droim Rí, Co. na Mí. A85K221.

[email protected] +35318259342
Uimhir Charthanachta: 20012373

© 2024 CNB.IE. Gach Ceart Ar Cosaint. Polasaí Príobháideachais.
Dearaithe ag Webmasters.ie