Skip to content Skip to footer

Téarmaí & Coinníollacha – Cúrsaí Samhraidh Coláiste na bhFiann

Réamhrá

Fáilte chuig suíomh gréasáin ar líne Choláiste na bhFiann (“suíomh gréasáin”). I gcás go ndéanann tú ár suíomh gréasáin a rochtain, nó brabhsáil air, nó i gcás go gceannaíonn tú ónár suíomh gréasáin nó go ndéanann tú áirithintí air, tá tú ag admháil go bhfuil tú tar éis ár dTéarmaí agus Coinníollacha mar atá sonraithe anseo a léamh, a thuiscint agus glacadh leo ina n-iomláine. Cuireadh na Téarmaí agus Coinníollacha le chéile chun cabhrú lenár gcliaint an leas is mó is féidir a bhaint as seirbhísí Choláiste na bhFiann a úsáid. D’fhéadfadh ár dTéarmaí agus Coinníollacha athrú le caitheamh ama.

Ginearálta

Is iad na téarmaí agus coinníollacha a bhí i bhfeidhm tráth na háirithinte is infheidhmithe. Baineann téarmaí agus coinníollacha leasaithe le háirithintí ina dhiaidh sin. Níl Coláiste na bhFiann faoi dhliteanas i ndáil le hábhar aon suíomhanna gréasáin eile atá nasctha le https://www.cnb.ie/. Déanfar na forálacha seo (téarmaí, coinníollacha, séanadh agus eisiaimh) a fhorléiriú de réir dhlíthe Phoblacht na hÉireann. I gcás go measfar aon cheann de na forálacha seo a bheith neamhdhleathach, ar neamhní nó ar aon chúis eile neamh-infheidhmithe measfar an fhoráil nó na forálacha sin a bheith inscartha agus ní bheidh éifeacht acu ar bhailíocht agus ar fhorfheidhmitheacht na bhforálacha eile.

Cruinniú Eolais

Roimh fhreastal ar chúrsa de chuid Choláiste na bhFiann is gá do gach dalta, i dteannta ar a laghad tuismitheoir/caomhnóir dlíthiúil amháin, freastal ar chruinniú eolais le measúnú neamhfhoirmiúil. Is gá freastal ar an gcruinniú seo don tréimhse iomlán. Léirigh ár dtaithí go bhfuil an t-am a chaitear ag an gcéim seo fíorluachmhar do dhaltaí agus do thuismitheoirí. Cuireann sé ar ár gcumas caighdeán Gaeilge gach scoláire a mheas agus léargas a thabhairt don tuismitheoir agus don pháiste ar gach gné de chúrsa Choláiste na bhFiann. Pléifear aon cheisteanna a d’fhéadfadh a bheith ag tuismitheoir chomh maith le ceisteanna pearsanta, beatha agus/nó leighis an dalta, nuair is cuí. Níl ar aon dalta a d’fhreastail ar chúrsa i 2023 freastal ar an gcruinniú seo do 2024.

Tá sé ina réamhriachtanas le freastal ar chúrsa de chuid Choláiste na bhFiann go bhfoghlaimeoidh daltaí Amhrán na bhFiann don chruinniú eolas. Tá áit ar an gcúrsa ag brath ar pas a fháil ag an gcruinniú seo. Cuirfear aisíoc iomlán ar fáil (lúide táille riaracháin €20) suas go 7 lá i ndiaidh an chruinniú eolas faoi na coinníollach thíos:

  • Sa chás nach measann an measúnóir go mbeidh sé de chumas ag an dalta freastal ar an gcúrsa
  • Sa chás go ndéanann an tuismitheoir cinneadh gan leanúint ar aghaidh sa phróiseas, ar fáth ar bith.

Eolas Leighis & Pearsanta

Ar mhaithe le do pháiste, ba chóir Coláiste na bhFiann a chur ar an eolas maidir leis an liosta seo a leanas:

Leigheas
  • Aon tinneas, riocht leighis (Fiabhras Léana, Plúchadh)
  • Cógais (Iad go léir)
  • Riachtanais san aiste bhia (feoilséantóir, veigeán)
  • Ailléirgí (bia, cóir leighis srl.)

Seolfar sonrasc chuig na tuismitheoirí d’aon chuairteanna ar an dochtúir/chógais leighis a raibh gá ag an dalta leo agus iad ag freastal ar chúrsa.

Eolas Pearsanta
  • Riachtanais Speisialta Oideachais (m.sh. Disléicse, Neamhord ar Speictream an Uathachais, Lagú Éisteachta/Radhairc srl.)
  • Cúinsí Teaghlaigh (dífhostaíocht, scaradh tuismitheoirí, colscaradh, bás, tinneas)
  • Aon eolas eile a bhraithfeá a bheadh ​​tairbheach dár bhfoireann a bheith ar an eolas, ionas gur féidir linn aire a thabhairt do do mhac/iníon ar an mbealach is fearr is féidir.

Táillí

Déanfar gach íocaíocht ar an gcóras clárúcháin ar líne. Déanfar gach íocaíocht le cárta dochair/creidmheasa. Ar an drochuair, ní ghlactar le cártaí creidmheasa réamhíoctha tríd ár gcóras áirithinte (Stripe). Tá táillí agus praghsanna faoi réir athraithe gan aon fhógra a thabhairt. An táille is infheidhmithe ná an táille tráth na háirithinte. Áirítear i dtáille an chúrsa lóistín, béilí, teagasc, maoirseacht 24 uair an chloig agus gach gníomhaíocht ar an gcúrsa. Féadfaidh roinnt nithe a bheith á dtairiscint le linn an chúrsa a mbeadh costas breise ag baint leo m.sh. earraí Choláiste na bhFiann, cadhcáil, siopa milseán, srl. Seo na t-aon chostais breise a bheadh ar an gcúrsa agus tá na nithe seo roghnach.

Is gá iarmhéid na dtáillí a íoc i ndiaidh na cruinnithe eolais tríd cuntas an tuismitheora ar www.cnb.ie. I gcás go nach níoctar iarmhéid na dtáillí in am, cuirfear an áit ar an gcúrsa ar ceal. I gcás go bhfuil liosta feithimh ann don chúrsa, tabharfar tairiscint áite dóibhsean atá ar an liosta feithimh. Íoctar éarlais don liosta feitheamh ach beidh aisíoc iomlán i gceist mura dtagann áit chun cinn. Beidh fuílleach an táille le híoc acu siúd nach gá freastal ar chruinniú eolais roimh 23 Feabhra 2024.

Cealúcháin agus Aisíocaíochtaí

  • Ní ghlacann Coláiste na bhFiann freagracht as cúrsaí a chuirtear ar ceal mar thoradh ar chúinsí gan choinne. I gcás go gcuirtear cúrsa ar ceal ag an eagraíocht, ar aon chúis, cuirfear aisíoc iomlán ar fáil.
  • Ní mór gach cealúchán agus athrú a chur ar ríomhphost chuig [email protected].
  • Aisíocfar éarlais ina n-iomláine suas le 7 lá tar éis an tseisiúin eolais (lúide táille riaracháin €20) i gcás gur mhian leat d’áirithint a chur ar ceal.
  • Tá gach cealúchán faoi réir muirear riaracháin de €100 faoin 01 Bealtaine. I gcás cealúcháin dhéanacha (tar éis 1 Bealtaine) forghéillfear an éarlais iomlán (€300).
  • I gcás cealúcháin a tharlaíonn 21 lá nó níos lú roimh an gcúrsa forghéillfear táille iomlán an chúrsa. Beidh gach iarratasóir déanach, a dteastaíonn agallamh uathu, faoi réir ár mbeartais chealúcháin.

Freastal ar Chúrsa

Forchoimeádann Coláiste na bhFiann an ceart maidir le freastal ar ár gcúrsaí. Is gá go mbeadh ar a laghad tuismitheoir/caomhnóir dlíthiúil amháin i dteannta dalta ar chúrsa ar an gcéad lá ag am socraithe. Ar an gcaoi chéanna is gá do thuismitheoirí/caomhnóir dlíthiúil an dalta a bhailiú ag am socraithe ar lá deiridh an chúrsa.

Ní eagraíonn Coláiste na bhFiann iompar chuig/ó chúrsa ar an gcéad lá/lá deireanach den chúrsa. Tá Coláiste na bhFiann freagrach as daltaí ón tráth a sroicheann siad an coláiste go dtí an tráth a bhfágann siad.

Is é fad 20 lá agus 20 oíche seachas ar chúrsa coicíse Droim Rí a mhaireann 13 lá agus 13 oíche. Is gá do gach dalta a bheith ar fáil chun freastal ar chúrsa don tréimhse iomlán. Ní ceadmhach do dhaltaí cúrsa a fhágáil aon tráth ach amháin le linn cuartaíocht shonraithe. Ní ceadmhach do chairde agus do bhaill den teaghlach fanacht sa suanlios nó sa teach, ar aon choinníoll. Bíonn cailíní i lóistín ainmnithe do chailíní agus bíonn buachaillí i lóistín ainmnithe do bhuachaillí.

Cuairteanna

I gcás go dtugtar cuairt ar dhalta, tarlaíonn na cuairteanna ar an Domhnach ag am socraithe. Ní ceadmhach do dhaltaí limistéar an Choláiste a fhágáil le gaolta nó cairde gan cead i scríbhinn a fháil ó na tuismitheoirí/caomhnóirí dlíthiúla agus ní ceadmhach seo a dhéanamh ach ag na hamanna socraithe cuartaíochta.

I gcás daltaí nach bhfuil ag fáil cuairte tá an deis acu glaoch teileafóin a fháil ón mbaile, más gá, ar an Domhnach. Ba chóir é seo a shocrú roimhe ré leis an mBainisteoir. Eagraítear gníomhaíochtaí speisialta do dhaltaí atá ag fanacht sa choláiste le linn na n-amanna seo.

Giuirléidí Pearsanta / Árachas

Cé go bhfuil Dliteanas Poiblí iomlán ag Coláiste na bhFiann, bheadh an costas coisctheach árachas a sholáthar do ghiuirléidí pearsanta na ndaltaí m.sh. uirlisí ceoil, trealamh spóirt, seoda agus éadaí le lipéid dearthóirí. Ar chomhairle ónár n-árachóirí, táimid ag moladh go ndéanfadh daltaí atá ag tabhairt nithe luachmhara leo ar an gcúrsa, na nithe sin a fháil clúdaithe faoi ‘Gach Riosca’ ar a n-árachas tí. Uirlisí ceoil agus trealamh spóirt na cineálacha míreanna is mó a bhíonn i gceist leis seo. Ní féidir linn a chinntiú go mbeidh siad faoi ghlas i gcónaí. Tá gach dalta freagrach as a n-uirlis cheoil a choinneáil ina chás. Ba chóir go ndéanfaí ainm an dalta a chur as Gaeilge le snáithe nó le lipéad ar éadaí, trealamh spóirt agus uirlisí ceoil an dalta srl.

Beidh gach dalta freagrach as a ngiuirléidí féin agus molaimid nach dtabharfaí iad ar iasacht do na daltaí eile.

Ní ghlacann Coláiste na bhFiann le haon fhreagracht as aon mhír a théann ar iarraidh, ar aon choinníoll. Molaimid go ndéanfadh daltaí a ngiuirléidí a sheiceáil roimh fhágáil an ionaid dóibh. Ní bheidh Coláiste na bhFiann freagrach as aon mhíreanna a fhágfaidh na daltaí ina ndiaidh ar na cúrsaí. 

Míreanna atá coiscthe ar gach cúrsa

Tabhair faoi deara, i gcás nithe atá coiscthe ar an gcúrsa, go ndéanfaidh Coláiste an bhFiann na nithe sin a choigistiú agus ní ghlacfaidh an coláiste aon fhreagracht astu. Moltar do dhaltaí gan iad a thabhairt leo ar an gcúrsa.

  • Leabhair / foclóirí Béarla
  • Seinnteoir meáin / trealamh leictreonach / uaireadóir cliste
  • Díritheoirí Gruaige m.sh. GHD
  • Aerasól
  • Guma coganta
  • Ceamara Digiteach (Más mian le dalta ceamara a thabhairt leis/léi ní mór ceamara indiúscartha a bheith ann)
  • Fón Póca

Is féidir leat dul i dteagmháil le do pháiste am ar bith trí Bhainisteoir an chúrsa. Ar an gcaoi céanna, i gcás go dteastóidh ó do pháiste dul i dteagmháil leat déanfar seo a éascú tríd an mBainisteoir. Beidh an uimhir seo ar fáil ar an gcéad lá den chúrsa.

Tá polasaí neamhfhulaingthe againn maidir le seilbh na nithe seo a leanas ar an gcúrsa, amanna cuartaíochta san áireamh. I gcás go mbeadh a leithéidí i seilbh dalta, díbreofar iad ón gcúrsa láithreach bonn.
  • Alcól
  • Toitíní, galtoitíní agus lastóirí
  • Drugaí
  • Gach earra eile atá toirmiscthe le dlí

Iompraíocht

  • Forchoimeádann Coláiste na bhFiann an ceart smacht a chur ar dhalta nó an dalta a dhíbirt ón gcúrsa i gcás go bhfuil an coláiste den tuairim go raibh iompraíocht neamh-iomchuí agus/nó go raibh neamhchomhlíonadh na dtéarmaí agus na gcoinníollacha i gceist.
  • Bítear ag súil go mbeidh iompraíocht mhaith ann ó gach dalta.
  • Ba chóir do dhaltaí meas a léiriú orthu féin, ar a gcomhdhaltaí, agus ar an bhfoireann an t-am go léir.
  • Ní ghlacfar le bagairt nó gortú fisiceach d’aon bhall foirne nó dalta le linn an chúrsa.
  • Is gá do dhaltaí meas a léiriú ar mhaoin agus tá sé de dhualgas orthu íoc as aon damáiste a bhfuil siad freagrach as.
  • Glacfaidh gach dalta páirt i gcoinneáil an choláiste glan agus néata. Spreagann seo na daltaí le freagracht a ghlacadh as an timpeallacht ina bhfuil siad ag cónaí.
  • Ní ceadmhach do dhalta(í) cuairt a thabhairt ar theach nach a dteach féin atá ann (cúrsaí Gaeltachta)
  • Ní ceadmhach do dhalta(í) cuairt a thabhairt ar shuanlios nach a tsuanlios féin atá ann (Droim Rí)
  • Ní ceadmhach do dhalta(í) an suanlios i nDroim Rí a fhágáil tar éis an tsuipéir.
  • Ní ceadmhach do dhalta(í) an teach a fhágáil tar éis an tsuipéir (cúrsaí Gaeltachta).
  • Ní ceadmhach do dhalta(í) teorannacha an choláiste a fhágáil mar atá leagtha síos de réir na gclár ama ar chúis ar bith.

Bulaíocht

Polasaí Frithbhulaíochta i bhfeidhm i gColáiste na bhFiann.

Rialacha i ndáil le labhairt an Bhéarla

Má labhrann dalta Béarla de thimpiste, tabharfar rabhadh dó/di. Má tharlaíonn seo arís, cuirfear tuismitheoirí/caomhnóirí ar an eolas agus iarrfar orthu labhairt leis an dalta. Má labhrann an dalta Béarla arís ní bheidh de rogha againn ach é/í a chur abhaile. Ní cheadofar d’aon duine a bheith ag labhairt i mBéarla d’aon ghnó ar chor ar bith áfach agus má bheirtear ar dhalta ag labhairt i mBéarla d’aon ghnó beidh air/uirthi dul abhaile gan rabhadh agus ní aisíocfar aon airgead. (Forfheidhmítear na rialacha seo ón tráth a shroicheann an dalta an coláiste don chúrsa) 

Gnáthamh Achomhairc

I gcás go ndéanfar dalta a dhíbirt mar thoradh ar shárú rialacha, tá gnáthamh achomhairc ag Coláiste na bhFiann. Is gá leas a bhaint as an ngnáthamh seo láithreach bonn.

Sástacht an Chustaiméara

Déanann Coláiste na bhFiann a dhícheall caighdeáin arda a choinneáil i ngach seirbhís a chuireann sé ar fáil. Mar sin tá aiseolas thar a bheith tábhachtach, bíodh an t-aiseolas sin dearfach nó diúltach. Seoltar suirbhéanna amach ar bhonn rialta ag iarraidh aiseolais ar ár seribhísí. I gcás nach bhfuil tú go hiomlán sásta leis an tseirbhís a chuir Coláiste na bhFiann ar fáil, téigh i dteagmháil linn láithreach tríd ríomhphost. Má tá tú ar an eolas faoi fhadhb ar bith le linn an chúrsa trí litir, glaoch gutháin nó le linn cuairte, molaimid go gcuirfí bainisteoir an chúrsa ar an eolas faoi láithreach, ionas gur féidir leo tabhairt faoi.

Fógraíocht agus Poibliú

Glactar grianghraif agus físeáin ag gach imeacht de chuid Choláiste na bhFiann agus d’fhéadfaí úsáid a bhaint astu in ábhar fógraíochta an choláiste. I gcás nach dteastaíonn uait go mbeadh do pháistí in aon ábhar mar sin, cuir muid ar an eolas faoi sin le do thoil, agus déileálfar leis seo go discréideach.

Cumarsáid

Seoltar gach comhfhreagras ó Choláiste na bhFiann tríd ríomhphost. Tá sé riachtanach a chinntiú go bhfuil an seoladh ríomhphost ceart ag an eagraíocht. Is é an seoladh ríomhphost a úsáidtear ná an ceann a úsáideann an tuismitheoir nuair atá siad ag clárú ar cnb.ie. Is faoin tuismitheoir atá sé ríomhphost a sheiceáil ó Choláiste na bhFiann a bhaineann le cúrsaí.

Ní dhéantar cumarsáid idir Coláiste na bhFiann agus an teaghlach ach amháin leis an tuismitheoir/caomhnóir dlíthiúil. Seoltar gach comhfhreagras ag úsáid an leagain Gaeilge d’ainm an teaghlaigh, ainm an linbh agus den seoladh, éircód san áireamh. Cuir d’fhear an phoist ar an eolas go mbeidh postas á fháil agat as Gaeilge.

SUBSCRIBE TO OUR NEWSLETTER

Foras na Gaeilge

Coláiste & Cumann na bhFiann

Ionad Óige na hÉireann, Droim Rí, Co. na Mí. A85K221.

[email protected] +35318259342
Uimhir Charthanachta: 20012373

© 2024 CNB.IE. Gach Ceart Ar Cosaint. Polasaí Príobháideachais.
Dearaithe ag Webmasters.ie

Promoting the Irish Language

Cláraigh do Nuachtlitir CNB.ie
Follow Us

© 2024 CNB.ie. All Rights Reserved.