Skip to content Skip to sidebar Skip to footer

Gach bliain eagraíonn Cumann na bhFiann Scléip na hÓige, féile 4 lá thar oíche do dhéagóirí i rith briseadh lár téarma na Samhna, 31/10 – 03/11/2023. Tugann Scléip na hÓige deis do dhaoine óga bualadh le sean chairde, agus cairde nua, ar fad trí mheán na Gaeilge! Beidh Scléip na hÓige ar siúl in Ionad Óige na hÉireann, Droim Rí, Co..na Mí, A85 K221, i mbliana.  Cuirfear lóistín ar fáil anseo freisin.

Eolas do Thuismitheoirí/Chaomhnóirí

  • Tá costas €130 ar an turas.
  • Clúdaíonn an costas seo an lóistín, béiltí, agus costais iontrála ar imeachtaí Scléip na hÓige.
  • Caithfear do mhac/iníon a chlárú ag an nasc anseo le freastal ar an turas seo.

Fís ó Scléip na hÓige 2022!

Imeachtaí an Turas;

  • Turas lae chuig Ionad Eachtraíochta Cairlinn
  • Ceardlanna Boghdóireachta, Drumadóireacht, Sóirb ar an Uisce, Trampailín Bhuinsí, agus Ióga.
  • Tráth na gCeist, Spóirt, Céilí UV, Dioscó agus go leor eile!!

Molaimid go láidir go bhfágtar rudaí luachmhara pearsanta sa bhaile.

SUBSCRIBE TO OUR NEWSLETTER

Foras na Gaeilge

Coláiste & Cumann na bhFiann

Ionad Óige na hÉireann, Droim Rí, Co. na Mí. A85K221.

[email protected] +35318259342
Uimhir Charthanachta: 20012373

© 2024 CNB.IE. Gach Ceart Ar Cosaint. Polasaí Príobháideachais.
Dearaithe ag Webmasters.ie