Skip to content Skip to sidebar Skip to footer
A Thuismitheoir / Caomhnóir, a chara,

Níor shamhlaíomar go mbeadh muid sa suíomh seo tar éis an dá bhliain deiridh gan cúrsaí, ach arís, is le croí trom gur gá dúinn a chur in iúl daoibh go mbeidh na cúrsaí cónaithe ag Coláiste na bhFiann curtha ar ceal don samhradh seo, 2022. De bharr an t-árdú suntasach i gcásanna Covid 19, chuamar i mbun anailís rioscaí le coicís anuas, féachaint an bhféadfaimis  ár gcúrsaí a reáchtáil an samhraidh seo,  le cinntiú go mbeadh daltaí agus foireann slán agus sabháilte agus go mbeadh an caighdeáin céanna ag baint le gach gné de na cúrsaí. Táimid tar éis a bheith sna hionaid go léir, Ros Muc, Rath Chairn, Gaoth Dobhair agus Droim Rí agus bualadh leis na mná tí uilig le coicís anuas.  Phléamar gach gné de na cúrsaí ach go háirithe aire na ndaltaí. In ndiaidh an plé ar fad, d’éirigh sé an-shoiléir dúinn go bhfuil an iomarca rudaí nach bhfuil faoinár smacht agus dá bharr, go mbeidh  sé dodhéanta leanacht ar aghaidh lenár gcúrsaí arís i mbliana. 

Tá aiféala orainn an cinneadh seo a dhéanamh, ach is ar mhaithe le sláinte agus sábháilteacht na daltaí agus na Foirne atá an cinneadh seo á ghlacadh. Beimid i dteagmháil le gach clann sa chéad seachtain eile, maidir le aisíoc iomlán a dhéanamh, chuig an cárta céanna a d’úsáideadh chun an áírithint a dhéanamh.

Amach anseo, cuirfimid gach eolas chugaibh faoi phleananna Chumann na bhFiann agus Coláiste na bhFiann do 2022/2023 www.cnb.ie

Má tá aon cheist agat, ná bíodh drogall ort teagmháil a dhéanamh linn. Táimid ag súil le bualadh le gach duine arís.

Le gach dea ghuí,

Caitríona Ní Cheallaigh, 

Príomh Fheidhmeannach

SUBSCRIBE TO OUR NEWSLETTER

Foras na Gaeilge

Coláiste & Cumann na bhFiann

Ionad Óige na hÉireann, Droim Rí, Co. na Mí. A85K221.

[email protected] +35318259342
Uimhir Charthanachta: 20012373

© 2024 CNB.IE. Gach Ceart Ar Cosaint. Polasaí Príobháideachais.
Dearaithe ag Webmasters.ie