Skip to content Skip to footer

An Príomheagraí Cúrsaí cónaithe sa Ghaeltacht agus lasmuigh de .


Coláiste na bhFiann Coláistí Samhraidh Gaeilge

Eolas Fúinn

Cúrsaí taitneamhacha lán tumtha sa Ghaeilge

Cuireann Coláiste na bhFiann cúrsaí Samhraidh Gaeilge den scoth ar fáil, lastigh agus lasmuigh den Ghaeltacht. Tugann na cúrsaí deis do dhaltaí a gcuid Gaeilge a úsáid ar bhealach tairbheach taitneamhach. Oireann na cúrsaí Gaeltachta do dhaltaí atá ag iarraidh feabhas a chur ar a scileanna teanga, cuma cén caighdeán atá acu. Foghlaimeoidh siad ó mhúinteoirí, a bhfuil go leor taithí acu, i dtimpeallacht álainn sa Ghaeltacht ar na cúrsaí lán tumtha seo. I gColáiste na bhFiann, táimid bródúil as cúrsaí d’ardchaighdeán a sholáthar do dhaltaí ar gach aois agus leibhéal líofachta.

Ros Muc, Co na Gaillimhe

14 – 18 bl d’aois

Tá an cúrsa seo lonnaithe i nGaeltacht Ros Muc, Conamara, 35 míle ó Ghaillimh. Fanann daltaí i dtithe teaghlaigh i dtimpeallacht álainn. Tá an cúrsa dírithe go príomha orthu siúd a bhfuil inniúlacht mhaith acu sa teanga.

Do dhaltaí a bhfuil inniúlacht mhaith acu sa teanga

Aois: 14-18
Dátaí: 02/06/2024 - 22/06/2024 agus 30/06/2024 - 20/07/2024
Táillí: €1,190
LEARN MORE

Ráth Chairn, An Mhí

12 – 16 bl d’aois

Tá Gaeltacht na Mí suite i Ráth Chairn, díreach lasmuigh de Bhaile Átha Buí. Sa cheantar sin fanann daltaí le teaghlaigh Gaeilge ina dtithe. Tá teaghlaigh sa cheantar ag cur lóistín ar fáil dúinn le blianta fada. Tá na tithe go léir suite gar don choláiste ina mbíonn ranganna, spórt agus gníomhaíochtaí tráthnóna ar siúl.

Oiriúnach do dhaltaí ag freastal ar chúrsa don chéad uair

Aois: 12-16
Dátaí: 02/06/2024 - 22/06/2024
Táillí: €1,190
LEARN MORE

Droim Rí, An Mhí

12 – 16 bl d’aois

Tá an Coláiste seo suite inár gCeanncheathrú in Ionad Óige na hÉireann, Droim Rí, Co. na Mí. Is ionad óige Gaeilge é seo i rith na bliana, agus i rith míonna an tsamhraidh bíonn rogha cúrsaí ar fáil ann.

Oiriúnach do dhaltaí ag freastal ar chúrsa don chéad uair

Aois: 12-16
Dátaí: 30/06/2024 - 20/07/2024
Táillí: €1,190
LEARN MORE

Gaoth Dobhair, Dún na nGall

12 – 16 bl d’aois

Tá an cúrsa seo lonnaithe i nGaeltacht Gaoth Dobhair, Co. Dhún na nGall. Is ceantar álainn é seo faoi scáth sliabh an Earagail agus gar do go leor tránna áille freisin. Fanann na daltaí i dtithe teaghlaigh le Cinnire i ngach teach, agus tá cúrsaí á n-eagrú ag Coláiste na bhFiann sa cheantar seo le roinnt blianta anois. Taistealaíonn na daltaí ar bhus chuig ionad an Choláiste gach lá.

Oiriúnach do dhaltaí ag freastal ar chúrsa don chéad uair

Aois: 12-16
Dátaí: 02/06/2024 - 22/06/2024
Táillí: €1,190
LEARN MORE

Droim Rí Og, An Mhí

Rang a 5 & 6

Tá an Coláiste seo suite inár gCeanncheathrú in Ionad Óige na hÉireann, Droim Rí, Co. na Mí. Is ionad óige Gaeilge é seo i rith na bliana, agus i rith míonna an tsamhraidh bíonn rogha cúrsaí ar fáil ann.

Oiriúnach do dhaltaí i rang a 5 agus rang a 6

Aois: Rang a 5 & 6
Dátaí: 21/07/2024 - 03/08/2024
Táillí: €900
LEARN MORE

Níos mó ná Coláiste!

Beidh dea-chuimhní agat go deo!

Conas is féidir liom mo dhalta a chlárú?

Mura bhfuil tú sásta leanúint leis an áirithint, cuirfear aisíoc ar fáil ar d’éarlais.

Tar éis duit clárú agus éarlais a íoc, freastalóidh gach dalta, in éineacht le tuismitheoir, ar chruinniú eolais. Is deis é seo bualadh le fostaithe na heagraíochta, ceisteanna a phlé agus tuilleadh eolais a fháil ar na gníomhaíochtaí ar fad..

Ag an staid sin tá daltaí agus tuismitheoirí eolach ar na cúrsaí agus ar an eagraíocht. Cuirfear aisíoc ar fáil d’éarlais, lúide táille riaracháin, mura bhfuil tú ag iarraidh leanúint leis an áirithint.

 

Na Céimeanna

Céim a 1 - Íoslódáil an bhróisiúir

Líon isteach an fhoirm fiosrúcháin ar an leathanach seo agus seolfar bróisiúr ar ríomhphost chugat le tuilleadh eolais faoi na cúrsaí

Céim a 2 - Oscail cuntas

Nuair atá cúrsa roghnaithe agat, brú ar ‘BOOK NOW’ ar an suíomh idirlíon www.cnb.ie. Oscail cuntas. Tugann an cuntas seo deis duit cúrsa a roghnú, éarlais a íoc agus bainistiú a dhéanamh ar d’áirithintí.

Céim a 3 - Cinntigh d’áit!

Tá éarlais ag teastáil chun dalta a chlárú. Tá sé seo tábhachtach mar líontar na cúrsaí go tapaidh. Tá d’éarlais in-aisíoctha, lúide táille beag riaracháin, le am a thabhairt duit do chinneadh deiridh a dhéanamh.

Aiseolas

Teistiméireachtaí ó dhaltaí agus Tuismitheoirí

Cúrsaí Samhraidh

Cláraigh do spéis agus déan íoslódáil ar an mbróisiúr.

Hidden

Next Steps: Sync an Email Add-On

To get the most out of your form, we suggest that you sync this form with an email add-on. To learn more about your email add-on options, visit the following page (https://www.gravityforms.com/the-8-best-email-plugins-for-wordpress-in-2020/). Important: Delete this tip before you publish the form.
Ainm an Tuismitheora(Required)
Parent's Email
What course are you interested in?
Privacy(Required)

SUBSCRIBE TO OUR NEWSLETTER

Foras na Gaeilge

Coláiste & Cumann na bhFiann

Ionad Óige na hÉireann, Droim Rí, Co. na Mí. A85K221.

[email protected] +35318259342
Uimhir Charthanachta: 20012373

© 2024 CNB.IE. Gach Ceart Ar Cosaint. Polasaí Príobháideachais.
Dearaithe ag Webmasters.ie

Promoting the Irish Language

Cláraigh do Nuachtlitir CNB.ie
Follow Us

© 2024 CNB.ie. All Rights Reserved.