Skip to content Skip to sidebar Skip to footer

Ó dúnadh na clubanna óige seachtainiúla go luath i mí an Mhárta 2020 mar gheall ar COVID-19, eagraíodh Clubanna Fíorúla ar líne le 38 gClub seachtainiúil ar siúl i rith 2021. Ón aiseolas atá faighte, is léir gur éirigh go hiontach leis na Clubanna Fíorúla seo agus iad ag cur deis ar fáil do dhaoine óga a gcuid Gaeilge labhartha a chleachtadh le linn tréimhse nuair nach bhféadfaí é sin a dhéanamh ar scoil. Gan dabht is í labhairt na Gaeilge go rialta an bealach is éifeachtaí le bheith líofa agus muiníneach sa teanga. Tá ár gClubanna Fíorúla dírithe ar aoisghrúpaí éagsúla (10-12, 13-15, 16-18) agus tá na huimhreacha teoranta chun rannpháirtíocht iomlán gach duine a chinntiú. Tá an-áthas orainn a bheith ag seoladh ár gClárúchán don chéad téarma eile, Meán Fómhair go Nollaig 2021.

Promoting the Irish Language

Cláraigh do Nuachtlitir CNB.ie
Follow Us

© 2023 CNB.ie. All Rights Reserved.

Sign Up to Our Newsletter

Be the first to know the latest updates