Tá Cumann na bhFiann ag cur le foireann pháirtaimseartha na heagraíochta faoi láthair. Má tá spéis agat cabhrú leis an Óg Chlub i do cheantar, Clubanna Fíorúla ar líne a reáchtáil, agus/nó cabhrú ag imeachtaí éagsúla ar fud an oileáin, ní gá ach an fhoirm léiriú spéise thíos a líonadh.
Físeán eolais faoin ról mar…
Eolas Réamh-Chúrsa
Tá Cumann na bhFiann tar éis tabhairt faoi acmhainn nua a réiteach dóibh siúd atá ag plé le seirbhísí óige trí mheán na Gaeilge. Ar ndóigh, cuirfidh daoine, ar mian leo plé le seirbhísí óige trí mheán na Gaeilge, spéis sa lámhleabhar seo freisin. Tá an t-uafás eolas ábhartha i ‘Lámhleabhar an Oibrí Óige’ faoina mbaineann le cosaint…
Cruinniú eolais
Buaileann Coláiste na bhFiann le gach dalta agus lena thuismitheoir/chaomhnóir sula bhfreastalaíonn siad ar chúrsa. Is am ríthábhachtach an t-am a chaitear ag an gcéim seo mar chinntítear leis go mbíonn an duine óg agus an tuismitheoir araon sásta lena rogha cúrsa. Is réamhriachtanas é freastal ar an gcruinniú seo roimh fhreastal ar…

